Litir chuig an Taoiseach

TAG: Litir chuig An Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith T.D.

25ú Feabhra 2014

A Thaoisigh, a chara,

Fáiltíonn Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge roimh fhógairt Choimisinéara Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill ag an Rialtas le déanaí. Sin ráite, is mór an chúis imní dúinn go bhfuil na constaicí céanna a thug ar Sheán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga reatha, éirí as an bpost fós os comhair an Choimisinéara nua.

Mar eagraíocht atá meáite ar an seirbhís Gaeilge is fearr ón tSeirbhís Phoiblí a fhorbairt do chustaiméirí, is mian linn tú a choimeád ar an eolas faoin obair atá ar bun againne ar an líne tosaigh chun cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhíorú agus ár gcuid moltaí chun sin a dhéanamh sa tslí is éifeachtaí gan aon chostas breise a chur os do chomhair amach.

Easpa Foirne le Gaeilge

Tá leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge atá á cur ar fáil ag comhlachtaí poiblí sa nGaeltacht, agus lasmuigh di, ag braith go hiomlán ar dhóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil chuige sin. Ní féidir a bheith cinnte go mbeidh foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil faoin gcóras mar atá, agus dá bharr sin, tá soláthar seirbhísí trí Ghaeilge míshásúil.

Cothaíonn seo easpa muiníne i measc muintir na Gaeltachta in ábaltacht an Stáit seirbhísí Ghaeilge d’ard chaighdeán a chur ar fáil, rud a dhíspeagann lucht labhartha na Gaeilge na seirbhísí seo a éileamh, ainneoin a gcuid cearta faoin mbunreacht.

Is é an dlúth cheangal idir soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus earcaíochta sa tSeirbhís Phoiblí croí na ceiste. Is léir go bhfuil an bac ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí ag cur isteach ar infhaighteacht fhoirne le Gaeilge mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin sa cháipéis, ‘Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003’ (Iúil 2011) – MoladhUimhir 6, lth 15. Mura ndéanfar a dhóthain daoine le Gaeilge líofa á earcú isteach sachóras, sé sin 30% ar bhonn leanúnach, ní féidir bheith ag súil le seirbhísí Gaeilge asholáthar i slí éifeachtach ná ar bheagán chostas.

Chuirfeadh réiteach na mórcheiste seo cúram an Stáit ó thaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobal sa Ghaeltacht ar an mbonn cheart, rud a chomhlíonfadh ceann de phríomh chuspóirí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais.

I dteanna caomhnú na nGaeltachtaí, chuirfeadh an cinneadh seo ann féin ar chumas an Státchórais timpeallacht dearfach a chothú, ionas gur féidir le pobal na Gaeilge ar dtús agus pobal na hÉireann i gcoitinne, a gcuid gcúraimí a dhéanamh leis an Stáit trí Ghaeilge.

Córas na Scéimeanna Teanga

Ar mhaithe le cur le héifeacht ar bheagán costais, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar chóras na Scéimeanna Teanga, córas atá an‐chiotach mar atá. Baineann go leor dlúthshaothair leis agus ní chruthaíonn sé aon chomhsheasmhacht idir sheirbhísí trí Ghaeilge trasna na hearnála poiblí. Tá roinnt mhaith deacrachtaí ag baint le cur i bhfeidhm chóras na Scéimeanna agus níl sé ag feidhmiú mar ba cheart. B’fhearr go mór ‘Sraith de RialacháinReachtúla náisiúnta a fhorbairt, ina gcuimsítear bunaidhmeanna agus dualgaisí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na Scéimeanna Teanga éagsúla’.

Mar a mhol an Coimisinéir Teanga sa cháipéis thuasluaite ‐ Moladh Uimhir 5, lth 14 ‐ séard atá ag teastáil ná “cur chuige comhtháite a d’aithneodh na seirbhísí trí Ghaeilge is mó abhfuil éileamh ag an bpobal orthu …… bunaithe ar rialacháin reachtúla ……. agus a leagfadhsíos an leibhéal seirbhísí i nGaeilge a bheadh le soláthar ag comhlachtaí poiblí a bheadhrangaithe chuige sin de réir critéar ar leith.” Seo córas atá á bheartú don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag faoi láthair.

Ónár dtaithí féin ar an líne tosaigh oibríonn córas dá leithéid (féach seicliosta samplach iniata) agus chinnteodh rialacháin dá leithéid go mbeadh an Earnáil Phoiblí agus a gcuid custaiméirí ar aon tuiscint ar na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh ar fáil.

“Bheadh sé debhuntáiste …..go laghdófaí go mór an riachtanas foirne le plé leis an réimse seo ………..agusd’fhéadfadh comhsheasmhacht a bheith ann idir na hearnálacha éagsúla go léir”.

Ba mhór dúinn an deis lenár moltaí a phlé leat agus táimid ar fáil chun bualadh leat chuige sin ach gaoth an fhocail a fháil.

Is sinne, le deamhéin,

thar ceann Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí

Cathaoirleach: Roibeard Ó hEartáin, Co. Chiarraí

Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Co. Phort Láirge

Oifigeach Caidrimh Poiblí: Aoileann Nic Dhonncha, Átha Cliath Theas

Suíomh Idirlín: Seán Ó Daimhín, Co. Dhún na nGall

Meáin Shóisialta: Oonagh Ní Chéileachair, Co. Mhaigh Eo

An Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Baile na Móna, Béal Abha, Aird Mhór, Co. Phort Láirge.

cumannofg@hotmail.com

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s