Comhdháil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne 2013

Bhí slua breá daoine i láthair ag an chomhdháil oscailte phoiblí dar teideal An Dea-Chleachtas sa Líne Tosaigh, a reáchtáil Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ag Oireachtas na Samhna, i gCill Airne, Contae Chiarraí Dé hAoine 1 Samhain, 2013. Mar chuid den chomhdháil, thug Máire Seó Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge, caint ar Ghradam Gnó na nDéise, agus thug Aoileann Nic Dhonncha, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Átha Cliath Theas, caint ar Shuíomh Idirlín don Chustaiméar. Sa ghrianghraf thuas, tá cuid de na hOifigigh Ghaeilge a bhí i láthair, agus iad ag freastal ar chruinniú do na hOifigigh Ghaeilge iad féin i ndiaidh na Comhdhála. Beidh tuairisc níos cuimsithí ar an tsuíomh seo ar ball beag ar chuid de na cainteanna a tugadh ag an Chomhdháil, agus faoi chuid den phlé a bhí ar siúl ag cruinniú na nOifigeach Gaeilge ina dhiaidh.

Tá cuspóirí éagsúla ag an Chumann seo: comhoibriú a spreagadh agus a chur chun cinn idir na seirbhísí poiblí ar fad ó thaobh úsáid na Gaeilge de; saineolas agus taithí na n-Oifigeach Forbartha Gaeilge a chomhroinnt agus a mhalartú; teagmháil a bheith againn leis an mhórphobal, leis na heagraíochtaí Gaeilge agus le hinstitiúidí eile stáit le go mbeimid in ann caighdeán na seirbhísí Gaeilge ón tseirbhís phoiblí a fheabhsú agus an pobal féin a spreagadh le húsáid níos mó a bhaint as na seirbhísí seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s